Comhairliúchán - Brúigh anseo le do bharúil a thabhairt
Sa soiciméad Fís na Scoile (ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla) tá na luachanna atá tábhachtach dár bpobal scoile leagtha amach againn. D’úsáid muid na luachanna seo chun ár Ráiteas Misin a scríobh agus chun ár n-aidhmeanna soiléire do na páistí a leagan amach. Táimid dírithe ar ár ndaltaí a chothú ar go leor bealaí agus pobal a chruthú dóibh ina mbeidh siad in ann dul chun cinn agus bláthú mar Ghaeil óga Bhéal Feirste.
Cuirimid fáilte roimh thuairimí tuismitheoirí faoin doiciméad seo. An léiríonn an doiciméad na hionchais arda atá againn do bhur bpáistí agus an pobal ar mhaith linn a chruthú dóibh? An bhfuil aon mholtaí breise agaibh?
Fanfaidh an comhairliúchán seo oscailte go deireadh na bliana scoile.
Scoil an Droichid, 4-20 Sráid Cuaic, Bóthar Ormeau, Béal Feirste, BT7 2EP | 028 9031 3283
