Access Keys:

 
 
Scoil an Droichid, Bóthar Ormeau, Béal Feirste

Cupán agus Comhrá - New Nurture Scheme

1st Oct 2020

Tá Teachín i ndiaidh scéim iomlán scoile a thoiseacht, “Cupán agus Comhrá”, a spreagfaidh cineáltas agus a chuideoidh linn lenár scileanna cainte. Mar gheall ar Covid-19, bímid ag foghlaim faoin aer níos minice. De réir mar a éiríonn an aimsir níos measa thig linn ár scileanna cainte agus cumarsáide a chleachtadh le cupán deas seacláid thé. Beidh na múinteoirí ag coinneáil súil amach do chairde iontacha i gcaitheamh na seachtaine agus bronnfaidh orthusan teastas, mugaí agus saicín seacláide le roinnt le duine sa bhaile chun an teas a scaipeadh. Níl aon amhras go mbíonn sé doiligh uaireanta cur ina luí ar ár bpáistí le rá linn cad é atá ag dul ar aghaidh ar scoil – tá súil againn go spreagfaidh an scéim seo comhrá sa bhaile faoinár ndea-ghníomhartha agus ár n-obair chrua – agus is fiú go mór sin!

Teachín have just launched a new hot chocolate scheme “Cupán agus Comhrá” throughout the school to encourage kindness while promoting our oral language skills too. Since Covid-19 we have been involved in more outdoor learning. As the weather takes a dip we can now focus on our language and social skills after outdoor sessions while we warm up with some yummy hot chocolate. Teachers will be looking out for top friends throughout the week and present a certificate, mugs and chocolate sachets to share with a loved one at home to spread the warmth. We all know it’s hard to get our children to tell us what's going on in school at times - hopefully this will encourage conversation at home about our good deeds and hard work - something really worth chatting about!