Access Keys:

 
 
Scoil an Droichid, Bóthar Ormeau, Béal Feirste

Meán Fómhair i dTeachín September in Teachín

25th Sep 2019

Tús maith leath na hoibre! Bhí muid iontach gnóthach sa Teachín an mhí seo – tháinig iardhaltaí ar ais chugainn agus bhí turas iontach againn , deis le cinntiú nach ndearna muid dearmad ar na scileanna a thóg muid sa Teachín nuair a bhí muid ann.  Chuaigh muid chuig Margadh Naomh Sheoirse – bhuail muid le cuid mhór daoine deasa, d’úsáid muid guth ard agus d’éirigh linn cúpla sladmhargadh iontach a cheannach!  Bhí smailc ghalánta againn le bia blasta áitiúil. 

Thosaigh daltaí úra linn i lár na míosa agus tá seanchairde ar ais fosta.  Ba dheas bualadh le tuistí nua agus tá muid ag súil leo ag na maidineacha caife seachtainiúla.  Táimid iontach tógtha faoin bhliain úr amach romhainn.  D’fhoghlaim muid ceacht iontach cheana féin, theip orainn pancóga a dhéanamh, bhí siad lofa ar fad, ach níor lig muid dó cur isteach orainn, d’fhoghlaim muid go ndéantar meancóga nuair a bhíonn tú ag foghlaim – beidh lá eile ag an Phaorach!  

Great start to the year in Teachín! First, we had a chance to catch up with with past pupils.  We went to St. George’s Market, it was an opportunity to make sure we haven’t forgotten all the skills we learned in Teachín.

We met lots of nice people, we used appropriate voices (loud at the market) and we even bought a few bargains!  We had a delicious snack with lovely local produce. 

New pupils started with us in the middle of the month and some old friends are back too.  We have enjoyed meeting new parents and are looking forward to having them join us at our weekly coffee mornings to get to know them better.  We are very excited for the coming school year.  We have already learned a great lesson, we had an epic fail when we made some pancakes – they were rotten, but we didn’t let it annoy us.  We learned that it’s ok to make mistakes when we are learning.  We will have another try soon!